Image Credit : RTÉ

8,689 lá. Sin cé chomh fada is atá sé ó shin is a d’imir foireann na hÉireann sa Chorn Domhanda agus mé á scríobh. Ar an oíche sin d’imir siad in aghaidh na Spáinne. Bhí Roy Keane imithe thar n-ais go baile i gCorcaigh agus ba é Steve Staunton ina chaptaen na foirne, théis an rí rá agus ruaille buaille a thit amach i Saipan. Níl cuimhne agam ar an lá sin áfach, agus ní déarfainn go bhfuil cuimhne ar an gcuid is mó do léitheoirí an ailt seo air ach an oiread.

Bhí ar an fhoireann sin a d’imir i gcoinne na Spáinne i mbadhta 16 den Chorn Domhanda, babhta cáilithe a imirt in aghaidh na hIaráine chun cinntiú go mbeidh siad ann. Bhí an seans céanna ag foireann an lae inniu an t-éacht seo a athdhéanamh i gcoinne na Seicia. Ar deireadh, chailleadar an cluiche, ach ní athbhreithniú ar an gcluiche é an t-alt seo. Ba mhaith liom labhair faoi thionchar an chluiche mhóir seo orainn agus tábhacht an chluiche ar shochaí na hÉireann.

Is í teanga choiteann an domhain í an pheil, ach ceapaim gurb í an pheil teanga coiteann na tíre seo go mór mór. Níl tír eile ar domhan a thagann le chéile cosúil linne. In am a bhfuil cuma ar an scéal go bhfuilimid chomh scartha agus deighilte mar thír, tá an pheil agus an dóchas ríthábhachtach. Tá a lán le hargóint faoi ins an tsochaí scartha seo, ó thaobh cúrsaí polaitiúla de agus cúrsaí eile. Tá cuma sár-éagsúil ar shochaí Éireann idir 2002 agus muid i lár an Tíogair Cheiltigh agus anois. Tá an misneach, muinín agus an creideamh ag teastáil uainn mar thír go háirithe anois i gcomparáid le 2002. Feictear an ghéarchéim tithíochta agus an ghéarchéim costas maireachtála ag cuir brú ar dhaoine óga agus daoine ó gach réimse na sochaí. Tá sé deacair dearcadh dearfach a bheith ag éinne faoi chúrsaí na tíre seo. Mar sin, is féidir leis an bpeil ar a laghad faoiseamh éigin a thabhairt dúinn agus a theacht le chéile mar náisiún.

Anois, i gcomparáid le haon am eile inár saol, tá sé tábhachtach go seasann daoine óga ag taobh a chéile ionas go mbeadh aon réiteach ar fhadhbanna an lae inniu. Chun athrú rialtais, athrú sochaí agus athrú mheon an phobail maidir le ciníochas fiú, a bhaint amach caithfimid aontú agus teacht le chéile. Thaispeán imeachaí an Déardaoin dom go bhfuilimid in ann aontú mar shochaí agus mar dhaoine óga más gá, agus ní neart go cur le chéile.

Shúil mé féin agus mo chairde chuig an teach tábhairne áitiúil, iarnóin Déardaoin chun cuid den mhisneach, dóchas agus an teacht le chéile seo a bhlaiseadh, agus bhí sé le blaiseadh ann. Níor mhothaigh mé leictreachas cosúil leis ó Euro 2016. Bhí an áit dubh le daoine ó gach cearn den tsochaí. Bhí chuile dhuine ann le haghaidh na cúise céanna – chun tacú lenár bhfoireann náisiúnta. Bhí fuinneamh tógálach san aer. Bhí daoine le feiceáil ann ó gach réimse leathan den tsaol, ó thaobh cúrsaí polaitíochta de, cultúrtha agus fiú cine de. B’álainn an radharc é le feiceáil. Ar feadh 90 nóiméad ar a laghad, bhí ár dteach tábhairne beag áitiúil i nDroichead Nua ar nós Staid an Aviva agus bhíomar chomhaontaithe ar son na cúise. Bhí amhráin de gach saghas le cloisteáil, agus Troy Parrot mar phríomhthopaic den chuid is mó. Feictear Troy Parrot mar laoch anois i measc an phobail óig agus is maith an rud é sin.

Is é Robbie Keane an t-imreoir deireanach a scóráil i gceithre chluiche i ndiaidh a chéile. Cé nach raibh Troy Parrot in ann an t-éacht seo a athdhéanamh Dé Máirt seo caite, tá réalta nua againn sa pheil agus is imreoir é a spreagfaidh an chéad ghlúin eile gan dabht. Ní raibh ticéad ar fáil don chluiche ar cheaptar a bheadh mar bhadhta cáilithe an Choirn Domhanda. Ar deireadh tháinig an Mhacadóin Thuaidh go Baile Átha Cliath chun cluiche cairdiúil a imirt in ionad na Danmhairge mar a cheapamar. Bhí gach tráchtaire spóirt ag rá agus ag ceapadh nach bhfreastalódh éinne ar an gcluiche, ach ní shíltear mar a bhítear. Fhreastail beagnach 40,000 duine ar an gcluiche cairdiúil seo nach raibh aon bhrí iomaíochta leis. Léiríonn seo, an tionchar agus an misneach leictreach atá thart timpeall ar an bhfoireann anois. Tá tacaíocht na leantóirí riachtanach agus dealraíonn imeachtaí na seachtaine imithe é seo go soiléir. Beidh lá eile againn, agus creideann madraí na sráide é anois. Beidh an creideamh agus an misneach álainn le mothú arís!

Foclóir

Deighilte – splintered

géarchéim – crisis

tógálach – contagious

iomaíocht – competitive

Cillian Ó Fiaich – Eagarthoir Gaelige

By Editor