Múineann Gá Seift: Pobal na Gaeilge UCD chomh beo bríomhar agus a bhí riamh

Ní chuirfidh athrach shaol na hollscoile i mbliana as do chúrsaí Gaeilge, Scéim Theach na Gaeilge agus imeachtaí an Chumainn Ghaelaigh UCD san áireamh. Cé gur ar líne a bheas mórchuid de theagasc na hollscoile an trimeastar seo, tá Teach na Gaeilge lán arís le cónaitheoirí Gaeilge agus tá i gceist ag an Chumann Ghaelach UCD a gclár imeachtaí a reáchtáil go fíorúil.

Podchraoltaí na Gaeilge

I rith aimsir na dianghlasála, bhí cumha orm i ndiaidh mo chairde, na Pop-Up Gaeltachtaí, agus na Gaeltachta í féin, go ndeachaigh mé i muinín an phodchraolta Gaeilge. Cheal bheith i gcomhluadar lucht labhartha na Gaeilge, bhí mé ag iarraidh rabhartaí deasa na teanga a chluinstin gach lá mar ba ghnách liom, agus thógfadh clár nó dhó an cian díom go ceann tamaill ar a laghad, cheap mé.