Nuair atá tú ag déanamh staidéir ar an nGaeilge mar chuid de do chúrsa ollscoile, faigheann tú amach go bhfuil sé riachtanach a bheith ag éisteacht le podchraoltaí nó cláir raidió Gaeilge. Tá na hollúna agus na teagascóirí i gcónaí ag rá leat “Éist le podchraoladh Gaeilge”, nó “Féach ar TG4” srl. Ach níl sé sin chomh héasca mar a fhuaimníonn sé. Ar an gcéad dul síos, cén podchraoladh? An bhfuil aon phodchraoladh i nGaeilge fiú? Ach ná bí buartha, tá moltaí podchraoltaí agam daoibh chun bhur saol a dhéanamh níos éasca agus chun snas a chur ar bhur gcuid Gaeilge.

Ar Leach Mo Dhorais

Podchraoladh an-mhaith is é ‘Ar Leach Mo Dhorais’ chun do chuid Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú, go háirithe má tá tú sa chéad bhliain nó má tá meirg ar do chuid Gaeilge. Níl ach seacht n-eipeasóid ann agus níl na heipeasóidí rófhada ach an oiread: idir 20 agus 30 nóiméad.

Taifeadadh ‘Ar Leach Mo Dhorais’ i rith an chéad dianghlasála, agus labhraíonn na haíonna faoina n-áit dúchais (nó na háiteanna a gcónaíonn siad iontu) agus a gcaitheamh aimsire. Téann tú ar thuras beag ar fud na tíre, agus foghlaimíonn tú faoi chuid den stair agus scéalta na n-áiteanna sin. Labhraíonn gach cainteoir le haghaidh cúpla nóiméad, agus ina dhiaidh tá sliocht beag ó amhráin Éireannacha (uaireanta i nGaeilge, agus uaireanta i mBéarla). Bíonn na sosanna beaga siúd an-chabhrach, mar imíonn m’intinn ar strae má tá an iomarca cainte ann gan sos.

Bothán na bhFear

Is podchraoladh an-suimiúil é ‘Bothán na bhFear’. Cé go bhfuil Bothán na bhFear’ (the Men’s Shed/Hut) mar theideal air, ní bhaineann sé le cúrsaí fear amháin. Pléitear fadhbanna fear agus ban. É sin ráite, níl aon bhean ar an bpainéal – is bothán le haghaidh fear é, ní ban, ag deireadh an lae.

Tá 13 eipeasóid sa tsraith seo, agus pléitear ábhair leitheadacha sna heipeasóidí – cúrsaí alcól, ceol, féiníomhá na bhfear agus athrú aeráide, ina measc. Tá an podchraoladh seo suimiúil, agus d’fhoghlaim mé cúpla rud nuair a d’éist mé leis (agus focail nua Gaeilge chomh maith, dar ndóigh). Tá gach eipeasóid timpeall tríocha nóiméad i bhfad, agus is a Chúige Uladh cuid de na cainteoirí, agus cuid eile is as Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht iad. Dá bhrí sin, cabhraíonn an podchraoladh seo le do chuid cluastuisceana agus tras-scríbhinne agus tú ag éisteacht leis na canúintí difriúla, leis na blasanna, frásaí agus fuaimnithe éagsúla.

Scéalta agus Béilte

Is aoibhinn liom an podchraoladh seo. Mar is soiléir ón teideal, baineann sé le bia. Labhraíonn na haíonna faoi chúrsaí bia, agus roinneann siad, go bunúsach, a scéalta agus a mbéilte. Tá 49 n-eipeasóid i gceist, agus mar sin, is slí iontach é chun bia, comhlachtaí agus pearsantachtaí Gaeilge nua a haimsiú, ar nós: na bialanna is fearr i gceantair éagsúla, saol an cócaire proifisiúnta, agus béilte ar nós coddle (bhuel, bhí Coddle nua domsa mar ní as Baile Átha Cliath dom).

Labhraíonn na haíonna faoina nósanna aisteacha freisin, rud an-spéisiúil, dar liom, agus críochnaíonn formhór de na heipeasóidí le ‘quick-fire round’. Tae nó caife? Tae. Barry’s nó Lyons? Lyons. Torthaí nó glasraí? Glasraí. Nigella nó Darina Allen? Nigella, srl.

Is as gach cearn den tír na haíonna, ó Chúige Uladh, go háirithe, rud a chabhraíonn go mór le do scileanna cluastuisceana. Is podchraoladh saghas sainfheidhmeach é ‘Scéalta agus Béilte’, agus foghlaimíonn tú focail nó frásaí nua a bhaineann le cúrsaí bia dá thairbhe. Maireann an chuid is mó de na heipeasóidí timpeall tríocha nóiméad, ach tá cuid acu níos giorra (15-25 nóiméad), agus cuid eile níos faide (35-45 nóiméad).

Guthanna na nGael

Is podchraoladh maith é ‘Guthanna na nGael’. I ngach eipeasóid, labhraíonn an láithreoir Eímear le duine a úsáideann Gaeilge ina s(h)aol. Sa phodchraoladh seo, faigheann tú léargas ar shaolta difriúla – ó dhaoine tras, fhear óg as Inis Mór, fhear ó Cheanada a bhfuil Gaeilge líofa aige, agus an domhain draig trí Ghaeilge, agus níos mó. An-suimiúil.

Uaireanta, ba mhaith leis na haíonna Gaeilge a chur chun cinn, agus uaireanta eile, ba mhaith leo a scéalta féin a insint. Is podchraoladh úsáideach é mar faigheann tú amach faoi dhomhain eile agus faoin réimse leathan deiseanna fostaíochta atá ann le Gaeilge (ní hamháin an mhúinteoireacht!). Tá 18 n-eipeasóid sa tsraith seo, agus maireann siad timpeall 30 nóiméad.

Fios Feasa (Raidió na Life):

Ní mholfainn an ceann seo. Ar an drochuair níl tú ábalta éisteacht leis an gclár iomlán ar shuíomh Raidió na Life. Ní chuirtear suas ach na hagallaimh beo amháin ar an suíomh. Tá na hagallaimh beo an-ghearr – ní mhaireann siad ach 8-12 nóiméad. Is é an rud a chuireann isteach orm ná gur minic a chuireann siad agallaimh ar cheoltóirí agus grúpaí ceoil, agus mar chuid den agallamh, seinneann na grúpaí dhá amhrán ar a laghad – in agallamh ocht nóiméad i bhfad!

Ní shéanaim go bhfuil siad spéisiúil, agus cuidíonn sé le hamhránaithe Éireannacha, ach ní chabhraíonn sé le do chuid Gaeilge, agus ag deireadh an lae, sin an sprioc, nach í? Freisin, níl Gaeilge mhaith ag gach aoi. Cuid acu, tá Gaeilge cheart go leor acu (ach a lán focal Béarla á n-úsáid acu), agus tá daoine eile a bhfuil Gaeilge an-bhunúsach agus lochtach acu. D’éirigh mé as tar éis b’fhéidir 14 eipeasóid, amhlaidh níl aon taithí agam leis na heipeasóidí eile.

Tá súil agam go gcabhróidh mo mholtaí libh. Is é an rud is tábhachtaí ná a bheith ag éisteacht le rud a bhfuil suim agaibh ann. Fiú mura dtuigeann sibh gach rud ag an tús, ná bí buartha, rachaidh sibh i dtaithí air i ndiaidh tamaillín.

Emer Dowling – Contributor