Is féidir le daoine nach bhfuil i dteideal saoránacht na hÉireann óna sinsearacht í a fháil trí phróiseas an éadóirsithe. Leagtar síos na coinníollacha ábhartha dó in Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956. Caithfear roinnt coinníollacha a chomhlíonadh amhail critéir cónaithe, chun a bheith incháilithe iarratas a dhéanamh ar an tsaoránacht trí éadóirsiú. Ag an tráth seo, ní leagtar síos aon choinníoll maidir le cumas teanga san Acht, ach chinn an Rialtas riachtanais teanga le haghaidh iarratasóirí ar shaoránacht a thabhairt isteach ar na mallaibh. 

Tá teanga oifigiúil amháin ag formhór tiíortha an Aontais Eorpaigh. Mar sin, bíonn an scéal i dtaobh riachtanas teanga le haghaidh bhronnadh saoránachta simplí go leor. Ní mór d’iarratasóirí cumas áirithe a bhaint amach i dteanga oifigiúil na tíre sin, cibé cumas a leagtar síos i ndlí náisiúnta na dtíortha éagsúla. 

I gcás Éireann, áfach, tá sí ar cheann amháin de na sé Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil níos mó ná teanga oifigiúil amháin acu. De réir Bhunreacht na hÉireann, is í an Ghaeilge an chéad teanga sa Stát agus feidhmíonn an Béarla mar dhara teanga oifigiúil. Tugtar aitheantas oifigiúil do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann leis an Acht um Theanga Chomharthaíochta na hÉireann, 2017 freisin. 

Níor foilsíodh an dréachtbhille iomlán go fóill agus mar sin, níl mionsonraí na riachtanas teanga ar eolas againn faoi láthair. Ach, ó cheannteidil an Bhille atá ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne Dlí agus Cirt, dealraítear go mbeidh ar iarratasóirí ar shaoránacht cumas áirithe a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt a bhaint amach sa Bhéarla, nó sa Ghaeilge, nó i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. 

Ag díriú ar úsáid an fhocail ‘nó’ sna cinn billí, tugann sé sin le tuiscint go mbeidh ar iarratasóirí saoránachta cumas áirithe a bhaint amach i gceann amháin de na trí theanga ar leith seo. Eascraíonn ceist i ndáil leis an nGaeilge as an moladh sin – Cé chomh dílis is atá na riachtanais teanga a mholtar don teanga?

Ag tabhairt breithiúnais ar an tsaincheist seo, is fiú breathnú ar chur chuige na dtíortha eile san Aontas a bhfuil dhá nó trí theanga oifigiúla acu i dtaobh riachtanais teanga agus iarratasóirí ar shaoránacht. 

Tá trí theanga oifigiúla ag an mBeilg – an Ollainnis, an Fhraincis, agus an Ghearmáinis. Labhraíonn formhór muintir na tíre an Ollainnis nó an Fhraincis mar phríomhtheanga. Go ginearálta, ní labhraítear an Ghearmáinis mar phríomhtheanga ach i bpobal beag in oirthear na tíre. Ach, ó thaobh riachtanais teanga de d’iarratasóirí ar shaoránacht, cuirtear na trí theanga oifigiúla ar chomhchéim le chéile. Ní mór d’iarratasóirí cumas teanga a bhaint amach ag leibhéal A2 de réir an Chomhchreata Tagartha Eorpaigh do Theangacha le haghaidh Teangacha in aon cheann de na teanga sin. Ansin, déanann comhlacht formheasta scrúdú chun na riachtanais teanga a chomhlíonadh. Ach, foráiltear d’eisceachtaí de réir dhlí náisiúnta na tíre. 

I gcás na Fionlainne, tá dhá theanga oifigiúla ag an tír – An Fhionlainnis (príomhtheanga formhór muintir na tíre) agus an tSualainnis (mionteanga a bhfuil stádas oifigiúil aici). Tá bealaí éagsúla ann chun na riachtanais teanga a chomhlíonadh. Is féidir le hiarratasóirí saoránachta teastas náisiúnta sa teanga a bhaint amach nó fianaise a thabhairt lena léirítear go ndearna an t-iarratasóir a gcuid oideachais dara léibhéal san Fhionnlainn tríd an bhFionnlanais nó tríd an tSualainnis, agus gurb í an teanga sin teanga dúchais nó dara teanga an iarratasóra. Chomh maith leis sin, is féidir na riachtanais teanga a shásamh trí staidéar a dhéanamh ar an bhFionnlainnis nó ar an tSualainnis mar chuid de chéim tríú leibhéal. Tugtar an rogha do dhaoine a bhfuil lagú éisteachta orthu teastas oifigiúil a bhaint amach i dTeanga Chomharthaíochta na Fionlainne nó i dTeanga Comharthaíochta Shualainnis na Fionlainne chun na riachtanais teanga a chomhlíonadh. 

I Málta, is iad an Mháltais agus an Béarla teangacha oifigiúla na tíre. Go ginearálta, caithfidh iarratasóirí saoránachta eolas leordhóthaineach ar an mBéarla nó ar an Máltais a thaispeáint chun a bheith incháilithe le haghaidh saoránachta trí éadóirsiú. 

Ní hionann an cur chuige i Lucsamburg. Tá trí theanga oifigiúla ag an tír – an Fhraincis, an Ghearmáinis agus an Lucsambuirgis. Is mór an ról atá ag an bhFraincis agus ag an nGearmáinis san oideachas, sa saol laethúil agus i saol poiblí na tíre. Ach tugtar stádas ar leith don Lucsambuirgis i dtaca le hiarratasóirí ar shaoránacht. Fiú má tá Fraincis agus/nó Gearmáinis líofa ag iarratasóir ar shaoránacht, ní mór dóibh léibheal A2 de réir an Chomhchreata Tagartha Eorpaigh do Theangacha maidir lena gcumas cainte agus leibhéal B1 a bhaint amach ó thaobh a chumais tuisceana cainte de. Is éigean do na hiarrtasóirí pas a bhaint amach i scrúduithe a eagraíonn institiúid náisiúnta i Lucsamburg chun cur isteach ar shaoránacht trí éadóirsiú, ach tá eisceachtaí ann de réir an dlí. 

Cad a insíonn cásanna tíortha eile de chuid an Aontais dúinn? Ar dtús, dá gcuirfí na moltaí i bhfeidhm, ba mhór an chosúlacht a bheadh idir Éire agus an Bheilg, an Fhionlainn agus Málta. Léireofaí meas ar an nGaeilge mar mhionteanga agus chuirfí ar comhchéim leis an mBéarla í. Ach, is féidir a áitiú gur feiliúnaí cur chuige Lucsamburg i gcás na hÉireann agus gur cheart é a leanúint in áit cur chuige na dtíortha sin. Cosúil leis an Lucsambuirgis i Lucsamburg, is í an Ghaeilge teanga dúchais na hÉireann, agus is teanga í ina mbaineann tábhacht chultúrtha agus tábhacht pholaitiúil léi. 

Cibé riachtanais teanga a chuirfí i bhfeidhm, an Béarla, nó an Ghaeilge, nó Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, d’fhiafrófaí den Rialtas conas a d’oibreodh an córas ar bhonn laethúil? Cén cumas teanga a bheadh i gceist? An mbunófaí institiúid de chuid an Stáit a chuirfeadh ranganna Béarla agus Gaeilge ar fáil, agus a reáchtálfadh scrúduithe? An mbeadh ar iarratasóirí íoc astu? Cad faoi iarratasóirí ar shaoránacht a mbeadh deacrachtaí acu ag comhlíonadh na riachtanas? B’fhéidir gurb í an fhadhb is mó a bheadh ann ná fimínteacht. An bhféadfaí an fód a sheasamh ar pholasaí Béarla agus Gaeilge d’iarratasóirí ar shaoránacht agus na mílte dalta a tógadh in Éirinn nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge ar scoil? 

Le cúrsaí sa staid seo, b’fhéidir nach bhfuil sé de rogha againn ach na moltaí reatha maidir le riachtanais teanga a chur i bhfeidhm. Ag an am céanna, áfach, b’fhéidir gur cheart dúinn a bheith ag dréim le sampla Lucsamburg a leanúint sa todhchaí mar chuid d’athrú meoin i leith na Gaeilge ag leibhéal an Stáit i ngach gné den saol, an t-oideachas san áireamh. Ach ba cheart cuimhneamh ar éagsúlacht imthosca iarratasóirí ar shaoránacht freisin. Pé riachtanais teanga a chuirfear i bhfeidhm, ba chóir go mbeadh macnamh déanta orthu roimh ré agus go dtabharfaí na hacmhainní cuí dóibh. Ba chóir go mbeadh an córas soiléir, eagraithe, agus solúbtha, ionas go dtabharfaí aird ar leas iarratasóirí ar shaoránacht agus ar thábhacht na Gaeilge araon.

Gluais an Ailt:

Éadóirsiú → Naturalisation

Saoránacht → Citizenship 

Iarratasóir(í) → Applicant(s)

Riachtanais Teanga → Language Requirements

Sinsearacht → Ancestry

Mionteanga → Minority Language

Teanga Chomharthaíochta → Sign Language

Ar comhchéim le → Equal Footing

Imthosca → Circumstances

Fimíneacht → Hypocrisy

Emily McHale – Scríbhneoir

By Editor