Beidh aiféala ort muna mbeidh tusa i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna! An deireadh seachtaine is tábhachtaí ar fhéilire na nGael! Beidh sé ar siúl i gCill Airne, Co. Chiarraí ó 1 – 5 Samhain.

Is féile bhliantúil í a dhéanann ceiliúradh ar an gcultúr Gaelach. Bíonn na mílte Gaeilgeoir idir óg agus aosta ó gach cearn den tír agus den domhan i láthair ag an bhféile. Bíonn comórtais cheoil, amhránaíochta, lúibíní, agallamh beirte agus dhamhsa ann, chomh maith le cainteanna, scéalaíocht, seoltaí leabhar agus clár teilifíse. Bíonn podchraoltaí agus cláir raidió á gcraoladh beo agus bíonn daoine mór le rá i saol na Gaeilge i láthair.

Bíonn an méid sin rudaí ar siúl gach lá go mbíonn sé deacair cinneadh a dhéanamh cad ba mhaith leat freastal air. Bíonn rud ann do gach duine agus bíonn atmaisféar den scoth ann. Is teacht le chéile sóisialta iontach agus taithí faoi leith é. Níl áit ar bith eile ar domhan a d’fhéadfá teacht le chéile mar seo leis an gcraic chéanna.

Idir na himeachtaí go léir, an cultúr, an comhrá, an chraic agus na piontaí, gan dabht, bíonn deireadh seachtaine thar barr ag cách. Agus ná bí buartha muna bhfuil tú go hiomlán muiníneach as do chuid Gaeilge. Téigh ar aon nós. Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste agus is é an cleachtadh a dhéanann an mháistreacht! Is iad Dé hAoine agus Dé Sathairn an dá lá mhóra. Is féidir dul ar an traein ó Heuston go Cill Airne. Beidh Cumann Gaelach UCD ag dul síos ar an Aoine agus ag filleadh ar BÁC ar an Domhnach.

Beidh ticéid á ndíol ag an gCumann Gaelach d’Oireachtas na Samhna 2023. Is féidir ticéad iontrála amháin a cheannach nó ticéad iontrála chomh maith le lóistín (oíche Aoine agus Sathairn) a cheannach. Bhí foirm ar Link Tree an Chumainn an tseachtain seo caite chun do spéis a léiriú, ach tá sí dúnta anois. Ná bí buartha muna bhfuair tú deis an fhoirm sin a líonadh, beidh foirm eile ag teacht amach go luath, agus beidh daoine in ann clárú don Oireachtas leis an bhfoirm sin chomh maith. Agus i ndiaidh sin beidh an Cumann Gaelach ag eagrú lá air a mbeidh daoine in ann íoc as a dticéid.

Coinnigh súil ar Instagram an Chumainn i gcomhair an eolais is déanaí. Clár an Aoine: I measc go leor imeachtaí eile, beidh An Saol ó Dheas ag craoladh beo ón Oireachtas ag 12.10pm, agus Bladhaire ag craoladh beo ag 3pm. Beidh Amhránaíocht ar an Sean-Nós ar siúl ag 2pm, Amhrán Nuachumtha agus Seoladh Leabhair ag 4pm, Seoladh Cláir Teilifíse ag TG4 ag 5pm, Sean-Nós Na mBan, an Príomhchomórtas Scéalaíochta agus Nuacht TG4 (á craoladh beo) ag 7pm. Beidh Lár Stáitse’, le siamsaíocht ó dhaoine óga, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhughbhaill ag 8pm.

Ansin beidh príomhimeacht an lae, Cóisir na Mac Léinn, ar siúl ag 10pm ar an Aoine. Bíonn an-chraic ann. Is cóisir mhór ghléasta í le scoth an cheoil ó Oisín Mac, Bandia & Grooveline á chur i láthair ag Hugh Mac Giolla Chearra. Bíonn atmaisféar craiceáilte ann i gcónaí! Clár an tSathairn: I measc go leor imeachtaí eile, beidh Park Run ag 9.30am, ansin beidh an clár ‘Seó an Oireachtais’ – ceol, caint agus craic ón Oireachtas – ag craoladh beo ag 12pm.

Beidh Amhránaíocht Nach Sean-Nós Í agus Príomhchomórtais Damhsa ar an Sean-Nós ar siúl ag 12.30pm, agus An Chúirt Filíochta ag 1.30pm. Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr atá againn ann. Beidh Seoladh SNAS TV ar siúl ag 2pm, agus an Craobh Díospóireachta Gael Linn do mhic léinn tríú leibhéil ar siúl ag 3pm. Beidh ceithre fhoireann san iomaíocht a bheidh tar éis páirt a ghlacadh i réamhbhabhtaí cáilithe.

Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times, Bonn óir an Oireachtais agus €150 an duine ar na buaiteoirí. Beidh Club Féile Na nÓg ag 5pm. Ansin beidh an Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós, Corn Uí Riada, ag 7pm, agus An Queercal Comhrá ar siúl ag 9pm. Beidh Gaelgáirí, an t-aon chlub grinn Gaeilge ar chlár na cruinne, ar siúl ag 10pm. Beidh ‘Casadh an tSúgáin’ á chur i láthair ag Máirín Uí Chéide ag an gClub Amhránaíochta ag 10.30pm.

Beidh An Club Céilí le fíor-scoth an cheoil ó Joe Jack Attack & Ceann Golaim ar siúl ag 10.30pm chomh maith. Agus an meall mór ar deireadh, beidh an chóisir mhór dheiridh Club Na Féile le ceol ó Pólca 4 ar siúl ag 11pm. Bígí linn ag an bhféile iontach seo, Oireachtas na Samhna 2023! Beidh sé ceann de na deirí seachtaine is fearr a bheidh agat riamh, níl aon dabht faoi sin. Is deis iontach í chun aithne a chur ar dhaoine nua, craic iontach a bheith agat agus feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.

Orla Coffey – Scríobhnóir Gaeilge