Tá deis luachmhar órga ag Comhairle Contae Fhine Gall ceantar do lucht labhartha na Gaeilge a bhunú agus a lonnú i mBaile Átha Cliath.  

Le linn an tsamhraidh, cuireadh eitleoga sa spéir maidir le pleananna reatha chun baile úr-nua a thógáil ón mbun aníos i mBaile Átha Cliath. D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall pleananna suntasacha tithíochta do 18,500 teach i nDún Sinche, laithreán athfhorbraíochta tréigthe, stairiúil agus iomráiteach, ar iarthar na cathrach. Ba líonadh talún é an suíomh tráth. Feictear Dún Sinche, uaireanta le capall nó dhó ar, laistigh den mhótarbhealach M50 nuair a tiomántar idir Baile Bhlainséir agus Fionn Ghlas (nó idir acomhal a 6 agus acomhal a 7, dóibh siúd nach bhfuil cur amach acu ar Átha Cliath).  

Tá sé ráite go bhféadfadh an suíomh a bheith mar an mbaile is mó in Éirinn, ag freastal ar mhianta tithíochta breis is 47,000 duine. Samhlaigh, baile eile sa phríomhchathair, le daonra níos mó ná bailte iomlána ar nós an Uaimh nó Dún Dealgán. Ar ndóigh, beidh idir bonneagar bunriachtanach agus áiseanna sna pleananna do Dhún Sinche chomh maith, tá Luas fógartha go bruachbhailte in iarthar Bhaile Bhlainséir ina measc, ach céard faoin nGaeilge ?  

Tá lán-fhios ag madraí na sráide go bhfuil an Ghaeilge, mar theanga phobail, ag dul i léig sa tír seo. Is iomaí cúis a bhaineann leis an ngéarchéim teangeolaíoch seo, áfach, tá na Gaeltachtaí i ngach contae brúite agus bánaithe dá bharr thionchair na géarchéime tithíochta ach go háirithe. Níl muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge ábalta tithíocht a aimsiú nó a thógáil sa Ghaeltacht, agus tá meath ag teacht ar an nGaeilge inti dá bharr. Cé go bhfuil obair na gcapall á dhéanamh ag na hoifigí pleanáil teanga, caithfear machnamh a dhéanamh ar an nGaeilge ar bhealach úr chun í a chaomhnú ón ngéarchéim eiseach seo.  

De réir Daonáirimh 2022, bíodh breis is 110,000 duine i bhFine Gall le Gaeilge acu, agus dúirt 9% don fhigiúir sin go labhraíonn siad Gaeilge ar chaighdeán sár-mhaith. Ardaíonn na staitistic seo nuair a fheictear ar fhigiúirí ó Chathair Bhaile Átha Cliath, le níos mó ná 160,000 duine le Gaeilge acu, agus thart ar 10% le Gaeilge sármhaith acu. An fhadhb choitianta i measc na ndaoine atá Gaeilge acu i mBaile Átha Cliath ná go bhfuil siad scaipeadh agus scartha go forleathan mar dhaonra. Má léiríonn an rialtas go bhfuil siad dáiríre faoin nGaeilge, a todhchaí mar theanga pobail, agus a dul chun cinn, caithfear an stádas quo a athrú go práinneach.  

Is cinnte an rud é go bhfuil éileamh ann do lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirthe sa cheantar áirithe thuasluaite, agus is cinnte chomh maith nach dtagann deiseanna luachmhara cosúil le seo chun cinn go minic. D’fhéadfadh rud éigin nach bhfaca a leithéid riamh cheana a dhéanamh anseo; beart tithíochta (lasmuigh den Ghaeltacht), i nDún Sinche,  a chur i leataobh do lucht labhartha na Gaeilge, chun pobal teanga a chruthú sa phríomhchathair.  

Ní chuirfeadh an samhail seo i bhfeidhm gan dúshlán agus constaic, dar ndóigh, go háirithe toisc go bhfuil éileamh ollmhór leanúnach ar thithíocht, ach d’fhéadfadh an smaoineamh seo stádas na Gaeilge a leathnú sa ghnáthshaol i mBaile Átha Cliath, agus ceathrú Gaelach den chathair a socrú. D’fhéadfaí Gaelscoileanna, siopaí, cógaslann, caifé, clubanna spóirt agus araile a chur ar fáil trí Ghaeilge sa cheantar idéalaíoch seo. D’fhreastalódh na háiseanna seo trí Ghaeilge ní amháin ar an daonra áitiúil le Gaeilge, ach ar dhaoine eile ó Bhaile Bhlainséir, ó Chaisleán Cnucha, ó Fhionn Ghlas, nó ó fud fad Bhaile Átha Cliath, ag iarraidh gnáthsheirbhísí laethúla trí Ghaeilge.  

Éilíonn brúghrupaí ar nós Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Conradh na Gaeilge ar son tionscnaimh cosúil le seo go minic, agus feictear an feiniméan don Ghaeltacht Uirbeach nó Ceathrú Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste, cuir i gcás. 

Deirtear ‘de réir a chéile a thógtar na caisleáin’, ach is de réir a chéile a thógtar na hárasáin a bhíonn i gceist go minic i mBaile Átha Cliath. Fiú dá gcuirfeadh an Ghaeilge ar leataobh don tionscnamh seo, beidh iontas san aer dá gcuirfeadh tús tógála d’aon saghas ar an suíomh i nDún Sinche, leis na mílte gearán curtha isteach cheana féin. Tá géarchéim tithíochta agus géarchéim teangeolaíoch ag tarlú ag titim amach ag an am céanna in Éirinn, ach is cinnte go ndéanfaidh samhail cosúil le seo níos mó maitheas ná dochar.  

Seán Óg Mac Seoin – An tEagrathóir Gaeilge

By Editor