Íomhá ó RTÉ

Is mór an méid atá á thuairisciú maidir le dlíodóirí a oibríonn ar phainéal cúnaimh dlí choiriúil an Stáit sa Chúirt Dúiche ag dul ar stailc le linn an tsamhraidh. Is éard atá i gceist leis an bpainéal seo ná na dlíodóirí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar son daoine a chúisítear i gcionta achroime atá i dteideal cúnamh dlíthiúil saor in aisce. 

D’eascraigh an díospóid as na hathruithe a rinneadh ar an scéim a úsáidtear chun dlíodóirí an phainéil a chúiteamh. Faoin tseanscéim, d’íoctaí dlíodóirí in aghaidh an láithrithe i gcás cúirte. Thuilleadh siad €240 don chéad láithriú agus €60 do gach láithriú ina dhiaidh sin. Faoin scéim nua, áfach, a tugadh isteach ar an 1 Iúil, íocfar buntáille €520 do dhlíodóirí in aghaidh an cháis cúirte. Anois, ní nasctar an táille a thuilltear agus líon iomlán na láithrithe i gcás cúirte. 

Ar son na scéime nua, tá sé áitithe ag an Stát go bhfuil na hathruithe ar an scéim ag teastáil toisc go bhféadtaí mí-úsáid a bhaint as an seanchóras de bhrí go n-íoctaí dlíodóirí in aghaidh an láithrithe cúirte. Maíodh gur spreagadh é sin do dhlíodóirí iarratas a dhéanamh sa Chúirt Dúiche chun imeachtaí a chur ar atráth, rud a bhféadadh cur le moilleanna i gcóras na gcúirteanna. 

I bhfábhar na seanscéime, tá sé ráite nach bhfuil an scéim nua oiriúnach do chásanna cúirte casta agus fada toisc nach dtagann sí leis an méid oibre nó leis an méid ama a bhíonn i gceist, go háirithe do chásanna cúirte a bhfuil baint acu le páistí nó daoine leochaileacha. Anuas air sin, áitíodh nach mbíonn an locht ar dhlíodóirí an phainéil i gcónaí i dtaobh moilleanna, go dtarlaíonn moilleanna de dheasca cúinsí nach mbítear ag súil leo uaireanta, agus mar gheall ar ghníomhaireachtaí stáit freisin. 

Ach, ní hé bun agus barr na díospóide seo pá dlíodóirí. Ina theannta sin, baineann an díospóid seo le cearta bunreachtúla aon duine a chúisítear i gcion coiriúil sa Chúirt Dúiche, an chúirt ina éistear formhór na gcásanna i gcóras na gcúirteanna. Cosnaíonn Airteagal 38 den Bhunreacht ceart gach duine chun triail chothrom a bheith acu, agus de réir chásdlí na Cúirte Uachtaraí, is dlúthchuid den cheart sin í rochtain ar chúnamh dlíthiúil saor in aisce do dhaoine má tá siad i dteideal air. Agus an díospóid ag tarlú, is mithid an cheist a chur an bhfuil na cearta bunreachtúla sin á n-úrramú i ndáiríre sa Chúirt Dúiche faoi láthair?

Ligeann Airteagal 40 den Bhunreacht do dhaoine ar gearradh coinneáil orthu dúshlán a thabhairt in éadan má tá amhras ann faoi dhlíthiúlacht na coinneála sin. Ó thosaigh an stailc, tháinig roinnt cásanna os comhair na hArd-Chúirte inar ndearnadh daoine a bhí ag fanacht ar thriail sa Chúirt Dúiche iarratas chun go ligfí iad amach ar bannaí. I roinnt cásanna, diúltaíodh a gcuid iarratas agus áitíodh gur sháraigh an choinneáil a gearradh orthu a gcearta seo toisc nach raibh ionadaíocht dhlíthiúil acu de dheasca na stailce ag an am.

Eascraíonn an tsaincheist dhlíthiúil as an díospóid; An bhfágann an easpa ionadaíochta dlíthiúla go bhfuil an choinneáil neamhdhleathach? Le déanaí, rialaigh an Ard-Chúirt nach bhfágann sé go bhfuil an choinneáil neamhdhleathach i gcónaí fad is atá an deis ag an duine atá ag déanamh an iarrratais a gcás a thuiscint agus a gcás a dhéanamh os comhair na cúirte. Ach, fiú má tá sé seo ag teacht leis an dlí, is deacair a shéanadh gur láidre i bhfad an próiseas dlíthiúil go minic nuair atá ionadaíocht dhlíthiúil ag duine a cúisíodh i gcion coiriúil. 

Anuas air sin, tá dúshlán tagtha os comhair na cúirte i dtaobh na scéime íocaíochtaí nua féin ina n-áitítear nach bhfuil an scéim nua ag teacht go hiomlán leis an Acht um Cheartas Cóiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1962, an reachtaíocht lena leagtar amach na nithe praiticiúla a bhaineann leis an gceart chun cúnamh dlíthiúil saor in aisce. Níor tugadh an breithiúnas go fóill. 

Is féidir díospóireacht a dhéanamh faoin Scéim um Chúnamh Dlí Choiriúil agus ceist an athchóirithe. Is follas, áfach, go bhfuil an díospóid ag cruthú amhrais faoi chomhlíonadh bunchearta sa chóras breithiúnach agus go bhfuil géarghá ann go dtiocfaí ar chomhréiteach chun riaradh an cheartais a chinntiú, agus chun leas gach duine atá bainteach le cásanna cúirte a chur chun cinn.  

Emily McHale – Scríbhneoir

By Editor