Céard atá i bpáirt ag na fáinní Claddagh, ag Yeats, ag Cillian Murphy, agus ‘Beamish’? Is cuid d’fhíormhór-onnmhairí chultúr na hÉireann iad uilig. Bíodh clú agus cáil orainn ar an ardán domhanda dár n-aisteoirí iomráiteacha, dár mbia agus dár ndeoch, ach le bliain nó dhó anuas ach go háirithe, is deacair a rá nach é ár gceol agus ár gceoltóirí, arís, atá ag tarraingt an t-ard is mó orainn mar Éireannaigh fud fad na cruinne. Sa bhliain atá i gceist agam, tháinig ceoltóirí Éireannacha ar nós CMAT, Fontaines DC, Kingkishr, Amble agus na scóir eile chun cinn go mór mór ar an suíomh idirnáisiúnta.

D’úsáid mé an focal ‘arís’ thuas, agus is tábhachtach an focal é sin. Is cinnte go bhfuil cliú agus cáil bainte amach ag bannaí agus amhránaí Éireannach tráth, ach creidim go raibh aistear iomlán difiúil ag baint leis an rath sin sa lá atá inniu ann. Tóg Sinéad O’Connor mar shampla; mar dhéagóir, bhog sí go Londain in 1985, agus conradh aici le ‘Ensign Records’. Is ón mbogadh seo, ó Éire go Sasana, a lig di briseadh isteach i dtionscal idirnáisiúnta an cheoil, le “Nothing Compares 2 U” ag baint amach an chéad áit ar na cairteacha domhanda. Ach táimse faoin tuairim nach bhfuil gá fós an bealach sin a leanúint chun a bheith i d’ealaíontóir idirnáisiúnta? 

Agus mé ag fás aníos, bhí meas agus tromchúis ag baint leis an ráiteas “making it in America” – agus bhí cúis mhaith ag baint le sin. Tagadh an iliomad deiseanna le rath sna Stáit Aontaithe; luchtanna féachana ollmhóra, bailíochtú cultúrtha, agus deiseanna camchuairte, gan ach cúpla ceann a lua. Smaoinigh fiú ar scála na meán Meiriceánach ag an am. Sna hochtóidí agus sna nóchaidí, ba é barr The Top of the Pops ar MTV, an litmeas is fearr do cheoltóirí a rath a thomhais. Mhair an tionchar cultúrtha seo go dtí tús na 2000idí. Deirtear gurbh é a bheith le feiceáil ar an tsraith The O.C. an uirlis mhargaíochta ab éifeachtaí ar fad a bhí ag bannaí rac-cheoil neamhspleácha; tar éis don bhanna Rooney ar an gclár, tháinig méadú 200% ar dhíolacháin a n-albam. I gcás The Killers, chuidigh an clár lena gcéad albam Hot Fuss, stádas trí-phlatanaim a bhaint amach sna Stáit Aontaithe. Cé gur bannaí Meiriceánacha iad seo, seasann an pointe do cheoltóirí Éireannacha chomh maith, ag filleadh MTV, ba iadsan a d’ardaigh The Cranberries ó Luimneach go barr na gcairteacha domhanda. 

An fáth go raibh an cur chuige seo chomh tábhachtach ag an am do cheoltóirí Éireannacha ná go raibh margadh na hÉireann chomh beag sin. Sa lá atá inniu ann cé gur margadh beag fós í Éire, is fathach domhanda mór mílteach é an t-idirlíon. Sna laethanta seo, is é an rud is tábhachtaí le ceol ná leaganacha do na hamhráin chun a bheith mearscaipthe ar an idirlíon (na meáin shóisilta ach go háirithe). Céard is ea an brionglóid nua, aisling malartach d’amhránaithe Éireannacha mar sin ? Déan dearmad ar Madison Square Garden – bí ag súil go mbeidh do chuid ceoil mar chúlra do ghearrthóg TikTok. Samhlaigh an t-amhrán “Favourite” le Fontaines D.C. ag seinm thar fhíseán ina dtaispeántar buaicphointí an tsamhraidh duine éigin, nó photodump ar Instagram (tá sé déanta againn ar fad!). Ar bhealach, tá sé sin uaillmhianach; Ní gá duit an domhan ar fad a bhaint amach, níl uait ach do niche, do chuid daoine féin a aimsiú, pé áit ar domhan a bhfuil siad. Ceapaim go bhfuil sé sin ag athrú cúrsaí go mór, agus ag cur cothrom na féinne ar fáil do cheoltóirí atá ag tosú amach.

Seachas deireadh a chur leis an scéal anseo, b’fhéidir gurbh fhiú éisteacht leis an méid atá ag teacht chun cinn. Seo cúpla ceoltóir Éireannach gur fhiú súil a choinneáil orthu!

Má thaitníonn leat: Steve Lacy, Majid Jordan, Isiaih Rashad

Éist le: MOIO

Má thaitníonn leat: Phoebe Bridges, Audrey Hobert, Clairo

Éist le: SOAK

Má thaitníonn leat: TV Girl, Wolf Alice, CMAT

Éist le: Soda Blonde

Má thaitníonn leat: Brent Faiyez, Malcolm Todd, Frank Ocean

Éist le: F3mii

 Alannah Ní Eochaidh – Scríbhneoir

By Editor