An bhfuil tú tar éis tabhairt faoi deara go bhfuil tú i bhfad chun deiridh le d’obair ollscoile ? Smaoinigh ar feadh soicind, cé mhéad lón gasta atá ceannaithe agus ite agat ? An bhfuil bealach eile ann chun fanacht i do dhúiseacht agus tú i mbun lá iomlán léachtaí, nó an bhfuil tú díreach ag iarraidh a bheith níos eagraithe go ginearálta ? 

Ag druidim le leathbhealach an chéad seimseastair, glacaim leis tar éis deireadh seachtaine gnóthach i gCill Airne, ag Oireachtas na Samhna, go bhfuil sé in am ‘lock-in’ a dhéanamh agus dul i ngleic leis an obair a d’fhág tú ar leathtaobh. Seo cúpla nod duit chun leanúint ar aghaidh leis an seimeastar atá romhainn.

Sula dtosaíonn an chéad bhabhta eile do na léachtaí…..

1. Bíodh amchlár pearsanta agat. 

Bheadh ionadh ort faoi líon na ndaoine nach gcoinníonn súil ar an méid atá le déanamh acu ag an bpointe seo den seimeastar. Is iomaí teachtaireacht, meabhrúchán agus ríomhphost a shuíonn sa bhosca isteach. Dá mba rud é go raibh tú i do thubaiste acadúil go dtí seo, seo an deis duit do shaol ollscoile a chur ina cheart. 

Mura bhfuil amchlár agat, leag uait an College Tribune láithreach agus cruthaigh ceann. Ní leor amanna do léachtaí a bheith ar eolas agat. Is fiú amchlár a chruthú le do ranganna ar fad, leis na tréimhsí a chaithfidh tú sa leabharlann i rith na seachtaine, agus cibé rud eile i do shaol. Mholfainn Google Calendar a úsáid, nó fiú ceann a tharraingt le peann agus páipéar. Beidh léargas níos soiléire ar an méid atá le déanamh sna seachtainí beaga atá romhat.

Bheifeá in ann an t-amchlár a chur i gcomparáid le hamchlár do phoist pháirtaimsire, cuir i gcás, agus fáil amach cé chomh minic is gur féidir leat obair a dhéanamh agus airgead a thuilleamh, go háirithe leis an Nollag ag druidim linn. Agus an Nollag luaite, is cinnte go bhfuil ár saol sóisialta an-ghnóthach an tráth seo den seimeastar chomh maith. Cabhróidh amchlár mar seo leat súil a choinneáil ní amháin ar spriocdhátaí, ach ar imeachtaí sóisialta freisin a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile. 

Tuigim go bhfuil muid i lár an tseimeastair anois, agus go bhfuil scrúduithe lárthéarma ar siúl, ach beidh bearna ann idir seo agus scrúdaithe móra dheireadh an tseimeastair. Is éasca a cheapadh nach bhfuil mórán le déanamh go dtí an tseachtain roimh ré. Ní mholfainn é sin… mura bhfuil tú ag iarraidh eolas ó aon léacht déag a fhoghlaim in aon seachtain amháin! Déan beagáinín staidéir gach seachtain idir an dá linn, agus beidh tú buíoch díot féin.

2. Téigh chuig na léachtaí agus ranganna teagaisc 

Bíonn ionadh orm i gcónaí roimh na figiúirí tinrimh i mo ranganna. Anuraidh cuir i gcás, dúirt mo theagascóir Spáinnise go raibh bries is fiche duine cláraithe sa rang – rang nach mbíodh ach seisear ann de ghnáth! Níl ciall ar bith le ceapadh nach fiú freastal ar na ranganna, i mo thuairimse, go háirithe i gcás ábhar nó i gcás modúl ina dteastaíonn ullmhúchán agus réamheolas. Tuigim go bhféadfadh rud éigin tábhachtach a bheith ar siúl agat seachtain nó dhó, ach seachas sin, freastail ar na ranganna agus foghlaimeoidh tú rud éigin! Níl ach cúpla seachtain fágtha ar aon nós, c’mon, coinnigh ort. 

3. Snoozing le linn na ranganna?

Is minic a bhíonn aiste bia míshláintiúil ag mic léinn, agus drochnósanna a chuireann isteach ar a stíl maireachtála. Tá aithne agam ar roinnt daoine a ólann cúpla cupán caife gach lá nó níos measa fós, cúpla deoch fuinnimh fiú. Tuigim. D’fhéadfadh na léachtaí a bheith an-leadránach uaireanta. Is é ceann de na mórcheisteanna ár linne ná an chaoi go mbraithimid tuirseach traochta mar mhic léinn gan mhórán a dhéanamh ar chúis éigin. 

De réir taighde, is féidir go mbeifeá níos tuirsí de bharr an iomarca caife a ól! In ionad an chaife, tóg do Stanley leat agus ól tuilleadh uisce…. nó ól sú oráiste fiú. Is aisteach an rud é a admháil, b’fhéidir, ach d’oibrigh sé domsa agus mé ag déanamh na hArdteiste! Cinntigh go bhfuil tú ag fáil idir sé agus seacht n-uaire codlata gach oíche ar a laghad. Bain triail as agus inis dom cén chaoi a n-éiríonn leat. 

4. Bí páirteach in imeachtaí seachchuraclaim

Tapaigh na deiseanna atá ann ar champas! Ní chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú GACH rud a dhéanamh agus a bheith i do bhall de GACH club, mar ansin ní bheadh am agat don staidéar, ach is smaoineamh maith é fós páirt a ghlacadh i saol na hollscoile agus mhothófá i do bhall den phobal, agus is pobal ÁLAINN é pobal COBÁC. Bheadh níos mó foinn ort staidéar a dhéanamh ansin agus is cúis eile iad na himeachtaí le teacht chuig an ollscoil agus freastal ar do ranganna. 

A léitheoirí dílse, tugaigí aire daoibh féin. Tá súil agam go cabhróidh na nodanna thuasluaite libh. Bainaigí taitneamh as an gcuid eile den seimeastar. Beir bua. 

Gluais:

Amchlár →Timetable

Spriocdháta → Deadline

Tinreamh → Attendance

Deoch Fuinnimh → Energy Drink

Scrúduithe Lárthéarma → Mid-term Exams

Tsz Tsun Li (Stephanie), agus Seán Óg Mac Seoin

By Editor