Ní raibh sé riamh ar intinn agam an Phortaingéilis a fhoghlaim. Tá an dóthain deacrachtaí ag baint le dhá theanga a staidéar ag leibhéal céime gan teanga eile a chur san áireamh! Níor chuir mé mórán spéis inti go dtí gur bhog mé go Átha Cliath, áit a rinne mé cairdeas lena lán daoine ón mBrasaíl. Fiú agus an teanga mórthimpeall orm nach mór chuile lá, níor rith sé liom i ndáiríre go mbéinn in ann í a fhoghlaim.  Bhínn ag caint as Bearla don chuid is mó ar an gcéad dul síos, agus bhínn brea sásta nuair a d’éirigh liom an corrfhocal a thuiscint nuair a dhéanaidis comhrá beag eatarthu féin. Tháinig mhalairt ar an scéil, áfach, nuair a thosaigh mé ag siúl amach le Brasaíleach. Tar éis dúinn a bheith le chéile ar feadh sé mhí, agus mé dubh dóite de gan a bheith in ann dada a rá nuair a bhídis i gcomhrá lena chuid cairde Brasaíleacha, chinn mé go bhfaighfinn an lámh in uachtar ar an teanga aisteach anaithnid seo.

Ach conas sin, nuair nach raibh deis ann freastal ar rang Portaingéilise? An t-am sin, níor shíl mé go d’fheadfainn teanga a fhoghlaim gan freastail ar chúrsa. Nach amhlaidh go bhfuil múinteoir ag teastáil le tú a stiúriú, chun na nithe gramadaí a leagan amach agus chun do dul chun cinn a measúnú go foirmiúil?  Go deimhin, ní nach ionadh nár cheap mé a mhalairt, óir d’fhoghlaim mé gach teanga a bhfuil ar mo thoil agam go dtí sin (seachas an Bearla, mo theanga dhúchais, ar ndóigh) ar scoil. Nuair nach bhfuil an deis agat dul thar lear agus tú a thumadh sa theanga, ní mór duit clarú do rang teanga chun bunús láidir a shocrú, nach mór? Mar sin, chláraigh mé do chúrsa páirtaimsearthach Portaingéilise, cúrsa nár cuireadh tús leis riamh de bharr srianta na paindéime. Sa deireadh thiar thall, táim áthasach nár fhreastal mé air: cuireadh iachall orm tabhairt faoi foghlaim na teanga i m’aonair, rud a chothaigh foighne, díograis agus ar ndóigh, féinsmacht ionam.

Creidim go láidir nach bhfuil bua faoi leith de dhíth chun leibhéal árd a bhaint amach i dteanga iasachta. Ní dearfainn féin go bhfuil bua na dteangacha agam a thuilleadh: níl agam ach fonn mhór foghlama. Cinnte, ó tharlaíonn go bhfuil an Phortaingéilis ina teanga rómánsach (mar aon leis an Spáinnis, an Iodáilis agus an Rómáinis), bhi an cur amach a bhi agam ar ghramadach na Fraincise ina chabhair mhór dom; cé nach ionann iad, tá a lán cosulachtaí eatarthu, rud a cuidigh liom dul chun cinn sciobtha a dhéanamh. Is buntáiste mór é fosta go bhfuil teanghmháil laethúil agam le cainteoir dúchais. Buíochais le draíocht na hidirlíne, afách, is iomaí achmhainní ar fáil le tú a chabhrú, le rudaí nua le ioslódáil chuile lá. Is é an cleas atá ann an eolas a bheith agat cén chaoi iad a úsáid chun lántairbhe a bhaint astu. 

Agus tú ag dul i mbun foghlama, cuimhnigh go bhfuil ceithre gnéithe tábhachtacha i gcomhthéacs seilbhe teanga is fiú a cleachtadh chun líofacht a bhaint amach: is iad sin an léitheoireacht, an éisteacht, an chaint agus an scríbhneoireacht. Tá siad leagtha amach agam anseo a leannas d’aon gnó, óir is féidir iad a roinnt i ngrúpaí athuair: bhaineann an leitheoireacht agus an éisteacht le foghlaim éighníomhach, an chaint agus an scríbhneoireacht le foghlaim ghníomhach. Is nithe iad nach mór diríu orthu go haonrach, ach téann an ceann amháin chun tairbhe don chéad ceann eile. Agus tú ag léamh leabhair i do sprioctheanga, tá tú ag cothú stór focal a bheidh mar bhuntáiste agat agus tú ag scríobh. Agus mé ag foghlaim na Portaingéilise, cur i gcás, tá sé de nós agam breathnú ar fiseáin shimplí ar Youtube, ag baint tairbhe as na fotheideal dátheangacha chun focail nua a fhoghlaim a usáidim nuair a scríbhim faoi mo lá i mo dhialann phortaingéilise ar líne, a sheolaim chuig mo bhuachaill le go ndéanann sé ceartúcháin air. Cleacht simplí atá i gceist, le béim ar leanúnachas seachas ar chastacht na oibre. Nochtann an dul chun cinn atá á dhéanamh agam ar feadh bliana anuas cé comh tábhachtach is atá an obair chruthaíochta i dtaobh foghlaim teanga. 

Ach nuair a théimid ag foghlaim ar chursa, nach amhlaidh a chaithimid an dhóthan ama leis na nithe éighníomhachta? Agus mé i mo mhac léinn san ollscoil, feictear dom gur chaití mórchuid den am ag déanamh cleachtaí gramadaí agus ar léamhtuisceanna seachas scileanna cumarsáide a fhorbairt. Cuirtear an méid sin béime ar mheasúnú agus ar na torthaí ag deireadh an tseimeastar go gcailleadh na nithe is bunusacha a bhaineann le sealbhú teanga ‘san aistriúcháin’, mar a deirtear. Ar ndóigh, níl an locht ar na teagaiscóirí go bhfuil an méid sin mac léinn ann nach bhfeidfidís freastal ar achan ceann acu go pearsanta. É sin ráite, nuair a déanann tú macnamh gur shealbhaigh tú do theanga dhúchais gan aon dua, gur foghlaim tú scríbhneoireacht agus léitheoireacht gan brú i dtimpeallacht nadúrtha,

tugann sé lón macnaimh dúinn maidir leis an gcaoi ina múintear teangacha sna seomra ranga. 

Caroline Ní Shíocháin – Scríobhneoir Gaeilge