Chuir mé Ruairí Ó Máirtín atá ag déanamh tréimhse oiliúna as Gaeilge i bParlaimint na hEorpa faoi agallamh. Rinne Ruairí staidéar ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis chomh maith le roinnt modúl Gaeilge sa bhunchéim in UCD. Labhair sé faoina thaithí go dtí seo, faoina obair san Aontas agus faoi conas cur isteach ar thréimhse oiliúna nó phost san Aontas.

Abair liom faoi do phost san Aontas Eorpach. Cé leis atá tú ag obair agus cén dualgais atá ort?

Táim ag obair san Aonad um na Meáin Chumarsáide mar oiliúnaí Schuman faoi láthair. Is Eagarthóir Gaeilge mé agus mar chuid den phost sin cuirim Gaeilge ar nuacht na Parlaiminte agus ar áiseanna eile. Ach tá go leor rudaí eile a dhéanaim ó lá go lá, mar shampla bíonn orm monatóireacht a dhéanamh ar an aiseolas a fhaigheann muid ar na meáin shóisialta agus tuairisc a scríobh bunaithe ar an méid sin. Chomh maith leis sin tá sé de dheis agat mar oiliúnaí páirt a ghlacadh i bhfoirne éagsúla. Táim mar bhall den fhoireann ghlas agus bhí deis agam m’alt féin a scríobh do shuíomh na Parlaiminte. Scríobh mé m’alt féin bunaithe ar athchóiriú an dúlra. 

Agus mar oiliúnaí tá iliomad deiseanna ann duit páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla, mar shampla táim mar bhall den fhoireann lecheile.eu atá dírithe ar an daonlathas agus na toghcháin a chur chun cinn. 

Cad a rinne tú roimh thús a chur le do thréimhse oiliúna?

Agus mé san ollscoil rinne mé staidéar ar an bhFraincis agus ar an nGearmáinis. Chaith mé mo bhliain Erasmus in Konstanz, sa Ghearmáin. Bhain mé an- sult as. Rinne mé an Ghaeilge mar m’ábhar roghnach ó am go chéile chomh maith chun snas a chur ar mo chuid Gaeilge agus í a choimeád suas. Chaith mé tréimhse dhá bhliain ag obair mar fháilteoir ag an deasc fáilte in ospidéal Naomh Uinseann i rith na paindéime. Chaith mé seal ag obair ar sheit scannáin le linn na paindéime chomh maith. Bhíos ag obair leis an bhfoireann Covid. Bhí orm teocht gach éinne a tháinig ar an láthair a thógáil agus a thaifeadadh chun a chinntiú nach bhfaighidh duine ar bith Covid ar an seit. Chaith mé tréimhse ag obair sa Ghearmáin i dteach tábhairne mar fhreastalaí beáir trí mheán na Gearmáinise. Ansin is dócha an rud a bhfuil an méid is mó baint aige le mo thréimhse oiliúna ná an seal a chaith mé le Raidió na Life. Bhíos i mo láithreoir raidió leo ar feadh tréimhse bliain go leith. 

Cén fáth ar bheartaigh tú cur isteach ar an tréimhse oiliúna seo? 

Bheartaigh mé cur isteach ar an bpost toisc go bhfuil grá agam don Ghaeilge agus toisc nach raibh mé róchinnte cad a bheadh oiriúnach dom mar shlí bheatha agus deireadh tagtha le mo chéim san ollscoil. Theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh leis an nGaeilge. Bhí an-ghrá agam i gcónaí don teanga. Cheap mé go raibh dáimh agam leis an nGaeilge agus toisc go raibh m’oideachas trí Ghaeilge roimh dom freastal ar UCD, cheap mé go raibh mo Ghaeilge maith go leor chun cur isteach ar thréimhse oiliúna trí Ghaeilge sna hinstitiúidí. Mar sin d’fhonn gairm bheatha a fháil trí Ghaeilge chuir mé isteach ar thréimhse oiliúna anseo sa Pharlaimint agus dúradh liom go bhfuil caighdeán Gaeilge ard go leor agam don phost. Agus sin pointe tábhachtach nach gá céim a bheith agat sa Ghaeilge chun an-chuid de na poist le Gaeilge a dhéanamh sna hinstitiúidí. 

Conas is féidir cur isteach ar thréimhse oiliúna nó post san Aontas Eorpach? An raibh an próiseas iarratais deacair? 

I dtosach báire, ní raibh an próiseas iarratais deacair. Tá sé an-simplí ó thaobh Tréimhse Oiliúna Schuman de. Is féidir leat cuir isteach ar thrí thréimhse oiliúna agus ansin is féidir leat ceann amháin a phiocadh má fhaigheann tú áit ar an ngearrliosta don cheann sin. Agus le linn an phróisis iarratais, bíonn sé an-éagsúil agus difriúil ó aonad go haonad. Mar shampla i m’aonad féin, cuireadh agallamh 10 nóiméad an-neamhfhoirmeálta orm ar an bhfón. Bhíodar ag déanamh tástáil ar mo chuid Gaeilge díreach. Ach i gcásanna oiliúnaithe eile, tá aithne agam ar dhaoine eile agus bhí orthu agallamh 60 nóiméad a dhéanamh le neart daoine ar Zoom, agus daoine eile níor cuireadh agallamh ar bith orthu. So braitheann sé ó Aonad go hAonad. Ach den chuid is mó deirtear nach bhfuil an próiseas iarratais ródheacair, nó nach bhfuil an iomarca le déanamh agus tú ag cur isteach ar thréimhse oiliúna Schuman.

I gcás poist, éiríonn sé níos casta. Is féidir tosú le tréimhse oiliúna a dhéanamh agus tar éis sin déantar rudaí éagsúla. Den chuid is mó, má táthar chun post a thairiscint d’oiliúnaí tugtar post seachtrach dó nó dí ar dtús báire agus seans go bhfanfaidh tú ag obair mar oibrí seachtrach, nó tar éis tamaill má tá a ndóthain airgid acu nó má tá sé de chumas ag an aonad, is féidir leo post buan a thairiscint duit. Ach chun post buan a fháil caithfear pas a fháil sa scrúdú CAST. Is scrúdú é atá bunaithe ar do chuid scileanna léitheoireachta, scileanna matamaitice agus ar an eolas atá agat maidir leis an Aontas Eorpach. So tá dhá chineál post ann san Aontas Eorpach, ceann seachtrach agus ceann buan.Agus gheofar tuilleadh eolais maidir leis an gcéad scrúdú CAST eile atá ag teacht suas ar an suíomh idirlín EPSO.com  agus má fhaigheann tú pas sa scrúdú sin beidh tú in ann an-chuid post a dhéanamh nuair a dhéantar iad a thairiscint ar líne. 

Cé mhéad teangacha a bhíonn ag teastáil uait chun obair san Aontas?

Den chuid is mó is cosúil go mbíonn trí theanga oifigiúil de dhíth chun cur isteach ar a lán dosna na poist anseo sna hinstitiúidí. Ní hionann seo i ngach post, ach den chuid is mó bíonn sé go maith an Béarla, an Fhraincis agus teanga amháin eile a bheith agat. Ní gá duit a bheith líofa sna trí theanga sin. Is féidir le ceann amháin a bheith níos fearr ná na cinn eile.

An mbeadh aon mholtaí agat do dhuine atá ag smaoineamh faoi cur isteach ar thréimhse oiliúna? 

Mholfainn d’éinne atá ag iarraidh cur isteach ar thréimhse oiliúna suim a bheith acu sa phost a bheidh á dhéanamh acu. Má tá tú ag cur isteach ar thréimhse oiliúna, ná déan é díreach toisc go bhfuil tréimhse á lorg uait sa Bhruiséil nó sna hinstitiúidí. Sin deas ach ní bhfaighidh tú mórán as, agus tar éis na cúig mhí is dócha nach mbeidh suim san Aonad ionat mar beidh sé soiléir ó do chuid oibre nach bhfuil paisean agat don obair. Téigh isteach ann ag lorg slí beatha. Déarfainn le duine ar bith, tréimhse chúig mhí a chaitheamh leo ach pleananna a dhéanamh le linn na cúig mhí chun fanacht leo, nó chun post a fháil atá bainteach leis an tréimhse oiliúna sin; slí beatha a lorg áit éigin sna hinstitiúidí. Bainfidh tú i bhfad níos mó fiúntais as an tréimhse oiliúna má tá tú chun plean a dhéanamh maidir le gairm a gheobhaidh tú tar éis na cúig mhí. Bíodh sprioc nó suim faoi leith agat sna hinstitiúidí nó san aonad nó san obair a bheidh faoi bhun agat. 

Orla Coffey – Eagarthóir Gaeilge