Image Credit : RTÉ

Dealraíonn sé nach féidir liom éalú ón scannán Wuthering Heights. Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann Dé hAoine seo caite le breathnú air, agus ó shin i leith, tá físeáin de le feiceáil ar fud mo mheán sóisialta. Is é an t-imeacht cultúrtha is déanaí é. An bhfuil an stádas sin tuillte aige, áfach? 

Is é Wuthering Heights an cóiriú is déanaí ar an úrscéal clúiteach le Emily Brontë. Is í Emerald Fennell a scríobh agus a stiúir an scannán. Tá clú agus cáil gnóthaithe aici mar gheall ar a scannáin chonspóideacha, an scannán dúghrinn Saltburn ina measc. Ní haon eisceacht é Wuthering Heights, a tharraing aird na mílte duine nuair a foilsíodh an tréiléar de nach mór cúig mhí ó shin. 

Caithfidh mé a admháil nach bhfuil an t-úrscéal léite agam, ach tá cur amach ag an saol mór ar théamaí an scéil iomráitigh, amhail an díoltas, contúirtí an ghrá dhúghafaigh, an ciníochas, agus ceisteanna aicme. Cé gur scríobh Brontë an leabhar nach mór dhá chéad bliain ó shin, tá na téamaí sin fós le haithint ar chaidrimh an lae inniu, agus ar an tsochaí i gcoitinne. Bhí mé ag tnúth go mór le léiriú Fennell ar na téamaí sin a fheiceáil. Ba mhór an t-iontas é dom gur chuir sí na téamaí saibhre sin i leataobh ar mhaithe le scéal grá a insint. 

Ní féidir a shéanadh gur álainn an scannán é: tá na feistis, an chineamatagrafaíocht, an fuaimrian agus na láithreáin ar fad mórthaibhseach. Mhínigh Fennell sna hagallaimh a cuireadh uirthi le déanaí gur léigh sí an leabhar den chéad uair agus í ceithre bliana déag d’aois, agus gur léiriú é an scannán ar an tuiscint a bhí aici ar an scéal agus í ag an aois sin.

Tá an cinneadh sin ag croílár na faidhbe áfach. Ba é an rud ba mhó a thug mé liom ón scannán ná ceist: an leor fís déagóra chun scannán a scríobh? B’fhéidir gur thuig Fennell scéal casta an leabhair mar scéal grá amháin agus í ina déagóir. Sílim gur thuig sí chomh maith go meallfadh léiriú simplithe rómánsaithe níos mó daoine ná scannán ina léirítear téamaí dúshlánacha. Is cosúil gur mhúnlaigh sí an plota chun an t-éileamh margaíochta sin a shásamh. Níorbh iontas ar bith é gur foilsíodh an scannán ar an 13 Feabhra; bhí sé á dhíol ón tús mar scannán mealltach a bheadh oiriúnach do choinne ar Lá Fhéile Vailintín. 

Ní dóigh liom gurb ionann dílseacht an chóirithe don bhuntéacs agus cáilíocht an scannáin. Cuireann cóirithe maithe lenár dtuiscint ar an mbuntéacs. Tóg Frankenstein mar shampla. Bhí tuiscint éagsúil ag an stiúrthóir, Guillermo del Toro, ar an scéal. Dar leis, ba é an rud ba mhó a thug sé leis ón leabhar ná téama na daonnachta, amhail an maithiúnas, an tuiscint agus an tábhacht a bhaineann le bheith ag éisteacht lena chéile. Bhí an chomhbhá ag croílár a léirithe, agus chuaigh an scannán go mór i bhfeidhm orm mar gheall ar na ceisteanna eiticiúla a pléadh ann. Is mór an difríocht mar sin idir cur chuige del Toro agus Fennell.

Is léir ó Wuthering Heights go bhfuil grá sa chroí ag Fennell don leabhar; tá an scannán cruthaithe go paiteanta aici. Níl teachtaireacht shoiléir ann áfach, agus ní raibh insint thráthúil ag Fennell le cur abhaile ar an mbreathnóir. Sílim go raibh freagracht uirthi mar stiúrthóir léiriú a bhí níos dílse do chastacht an bhuntéacs a chur os comhair na mbreathnóirí. Is léir nár chomhlíon sí an cúram sin áfach. Dealraíonn sé gur deis chaillte é an scannán dá réir sin.

Sa lá atá inniu ann, ba cheart go mbeadh spreagadh níos mó ag stiúrthóirí chun cóiriú a dhéanamh; chun a léamh féin ar an mbuntéacs a chur in iúl do bhreathnóirí, agus chun comhráite tráthúla a spreagadh mar gheall air sin. Leis an gcur chuige sin, sílim gur féidir le stiúrthóirí buaine a ghnóthú dá scannáin inár gcultúr. Tá Fennell anois daichead bliain d’aois, agus déarfainn go mbeadh tuilleadh spéise ag breathnóirí san fhís atá aici anois, mar stiúrthóir aibí.

Foclóir

ní féidir a shéanadh – it can’t be denied

an chineamatagrafaíocht – the cinematography

sealadach – temporary

corraitheach – moving/stirring

Saoirse Darby – Scribhneoir

By Editor