Ag streachailt le Bronntanais Nollag a aimsiú?

Mise freisin! Ach ná bí buartha, tá liosta agam daoibh de na siopaí is fearr ar féidir leat táirgí Gaeilge áille a cheannach iontu. Tá an méid sin gnólachtaí Éireannacha iontacha ann le sártáirgí Gaeilge. Agus nach deas an rud é gnólachtaí beaga a thacú agus an Ghaeilge a chur chun cinn?

Prints of Ireland
printsofireland.ie – @printsofireland

Tá réimse ollmhór priontaí agus cártaí áille as Gaeilge ag Prints of Ireland. Tá féilire seanfhocal 2024 acu, le seanfhocal nua gach mí, chomh maith le málaí gualainne gleoite.

DeBúrca design
orlaithdeburcadesign.com – @deburcadesign

Bíonn an-tóir ar na geansaithe ó DeBúrca Designs. Tá geansaithe, t-léinte, hataí, malaí gualainne, fáinní eochracha srl. a bhfuil nathanna Gaeilge orthu cosúil le ‘tabhair aire duit féin’, ‘grá mór’, agus ‘tír gan teanga tír gan anam’.

Siopa An Carn
siopaancarn.com – @siopaancarn

Tá gach rud faoin spéir ag Siopa An Carn. Díolann siad a táirgí féin chomh maith le táirgí Gaeilge ó a lán siopaí eile. Tá leabhair, féilirí, cluichí as Gaeilge (Monopoly & Scrabble ina measc), priontaí, éadaí, táirgí cistine, coinnle, agus níos mó. Tá na táirgí Gaeilge ar fáil ar phríomhleathanach an suíomh (má scrollaíonn tú síos beagáinín) faoin teideal ‘Irish Language Gifts’.

Comhar
comhar.ie – @iriscomhar

Is irisleabhar Gaeilge é Comhar atá ar fáil ar líne nó i gcló. Bíonn cúrsaí reatha, cúrsaí litríochta, critic agus léirmheastóireacht á bplé acu gach mí. Is féidir síntiús bliana nó leathbliana a fháil chun cóip chlóite den iris Comhar a fháil sa phost gach mí. Tá costas €40 ar shíntiús bliana do mhic léinn nó €20 ar shíntiús leathbhliana do mhic léinn. Is slí iontach é an léitheoireacht chun feabhas a chur le do chuid Gaeilge.

‘Connect The Dots Design’
connectthedotsdesign.com @connectthedotsdesign

Tá gach saghas cártaí, priontaí, stáiseanóireacht agus níos mó ag Connect The Dots Design. Má tá an Gael i do shaol ag iarraidh a bheith eagraithe don bhliain atá ag teacht, tá dialanna, féilire deisce agus ceapa nótaí áille as Gaeilge acu.
An Siopa Leabhar
siopaleabhar.com – @ansiopaleabhar

Tá sé san ainm – díoltar gach saghas leabhar sa Siopa Leabhar chomh maith le roinnt rudaí eile – t-léinte, cártaí, féilirí agus dialanna, féiríní agus earraí tí (cupáin & priontaí ina measc), stáiseanóireacht agus níos mó. Tá sé an-deas dul isteach chuig an siopa ar Shráid Fhearchair nó is féidir leat na rudaí thuasluaite a aimsiú ar phríomhleathanach an suíomh faoin teideal ‘Brabhsáil de réir catagóirí’.

Gaelchultúr
Siopa.ie – gaelchultur.com | siopa.ie – @gaelchultur_ | @siopa.ie

Cuireann Gaelchultúr ranganna Gaeilge den scoth de gach leibhéal ar fáil ar líne agus i bpearsa. Is féidir dearbhán do na ranganna chomh maith le leabhair, cluichí agus ceol a cheannach ar líne ina siopa ar ‘siopa.ie’.

Betty&Biddy
bettyandbiddy.com – @bettyandbiddy

Tá seodra deas ag Betty&Biddy. Faoin táb ‘Necklaces’ tá ‘Irish Necklaces’ ar fáil acu.

Buachaill
buachaill.com – @buachaillunderwear

Tá fo-éadaí ar díol acu don bhuachaill i do shaol.

Gluais / Glossary:
mála gualainne = tote bag
féilire = calander
gnólacht = business
Léirmheastóireacht = criticism
Síntiús = subscription
Stáiseanóireacht = stationary
ceap nótaí = notepad
dearbhán = voucherfo-éadaí = underwear