Ní féidir mórán ama a chaitheamh ar champas UCD gan sinn a fheiceáil. Glaoitear an tArm Corcra orainn ó am go chéile, nuair a bhíonn ár n-éidehúdaithe corcra na Scéime, á gcaitheamh againn. Is sinn an ceathrar is fichead a mbíonn cónaí orainn i dTeach a seacht, Ionad Cónaithe Mherville, gach bliain. Gaeilgeoirí dílse Theach na Gaeilge.

Tháinig an Teach ar an bhfód cúig bliana déag ó shin, ag an tráth sin ní raibh ach ceathrar ann. Thar na blianta, tá méadú tagtha ar líon na mac léinn ar feidir páirt a ghlacadh sa Scéim Chónaithe Gaeilge in aon bhliain. Bhíodh seisear déag ann ar feadh cúpla bliain, ach ón mbliain 2009 ar aghaidh tá an Teach ar fad i gceist, na sé árasán.

“Cad é a dhéanaimid?” a d’fhiafrófá díot féin. Más rud é go bhfuil ag éirí leat dul chomh fada seo i léamh an ailt gach seans go dtuigeann tú a bhfuil i gceist leis. Déanaimid an Ghaeilge a chur chun cinn ar champas na hOllscoile agus níos faide i gcéin fiú.

Is mic léinn ghníomhacha spreagtha a líonann na háiteanna ar an Scéim. I measc na ndaoine a bhíodh ina gcónaí anseo, tá iar-Uachtaráin Aontas na Mac Léinn (Aodhán Ó Deá agus Pat de Brún), iar-Oifigigh Gaeilge Aontas na Mac Léinn mar aon le Oifigigh Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ- nuair a bhíodh COBÁC mar bhall de).

Ní bhíonn baint ag na Scéimers / ‘Teach’ers le cúrsaí Gaeilge amháin, ní dhéanann an formhór againn staidéar ar an nGaeilge, is mac léinn síceolaíochta mé féin agus tá réimse leathan cúrsaí idir lámha ag daoine anseo, idir ailtireacht, fhisiteiripe, eolaíocht, ríomheolaíocht, leigheas agus eile.

Thar na blianta bhí baint nach beag ag mic léinn ó Theach na Gaeilge le heagrúchán imeachtaí móra ar an gcampas. Is Dónal Ó hAnrachtaigh, iar-mhac léinn Leighis a bhíodh ar an Scéim, a bhunaigh Rás UCD, Rás a nglacann na céadta daoine páirt ann gach uile bhliain ó shin. Bhíodh an Seó Faisin ann a bhí iontach ar fad freisin.

Cothaítear atmaisféar ar leith sa Teach, is comhshaol Gaelach den chéad scoth atá ann. Déanaimid fíorchaoin fáilte a fhearadh roimh éinne a thagann isteach an príomhdhoras (rud a chúisíonn achrainn eadrainn féin agus lucht Res go rialta), is cuma faoi chaighdeán a c(h)uid Gaeilge.

I mbliana, táimid ag ceiliúradh 15 bliana de Theach na Gaeilge bheith ar an bhfód. Buaicphointe an cheiliúrtha seo is ea an 28 Márta. Beidh iar-mhic léinn an Tí mar aon le haon Ghaeilgeoir gur mian leo i láthair ag ócáid iontach sa Chlubtheach. Beidh ceol ó Shane Hennessy agus Mo Hat Mo Gheansaí, bia blasta agus cúpla deoch.

Is feidir ticéad a cheannach don ócáid tríd an nasc seo: https://secure.www.alumniconnections.com/olc/pub/CDB/event/showEventForm.jsp?form_id=185610

ná cóip crua ó Bord na Gaeilge UCD, L508, Foirgneamh na Leabharlainne.

Rachaidh an t-airgead chuig Fondúireacht an Ath. Peter McVerry.

Tá súil agam tú a fheiceáil ann!