Labhraíonn Róisín Ní Raghallaigh faoi Chruachás na nAndúileach

Conas a mhothódh sé le bheith gafa, illness chun greim níos daingne agus níos daingne a bheith ag ní ort go dtí nach bhfuil a fhios agat an mbeidh tú in ann éalú riamh?

Conas a mhothófá dá bhfeicfeá, ró-dhéanach, go bhfuil gach rud caillte agat, píosa amháin ag an am?

Gafa. Ach níor thosaigh sé amach mar sin.

“Ní féidir bheith ag gearán faoi rud muna bhfuil taithí agat air.”

Sin a deir an chuid is mó de dhaoine agus chun an fhírinne a rá, aontáim leis freisin, an chuid is mó den am. Ach, samhlaigh, má bhaintear triail as rud éigin, rud amháin a thugann mothúchán dochreidte duit. Mothúchán nach raibh faighte agat riamh cheana. Mothúchán a mbeifeá sásta a mhalartú  le haon rud nó le haon duine díreach chun é a mhothú arís. Cad a tharlaíonn ansin? Stopann tú? Ba leor an uair sin duit agus ní smaoineoidh tú faoi riamh arís? Fillfidh tú ar do ghnáthshaol, lá leadránach amháin ag teacht i ndiaidh lae leadránaigh eile.

B’fhéidir é, ach is léir ón mbreis is 20,000 andúileach in Éirinn nach seo a tharlaíonn i go leor cásanna. ‘Séard is ciall le handúil ná, bheith spleách ar rud agus is sa tslí sin a gcuireann an t-andúil isteach ar ghnáthshaol an duine. Ní féidir leis an andúileach feidhmiú gan an tsubstaint agus níl aon duine nó rud níos tábhachtaí ná an druga áirithe a fháil. Bíonn iarmhairtí tromchúiseacha ag baint le handúil ó thaobh an andúiligh de agus ó thaobh cáirde agus clann an andúiligh, iarmhairtí ar nós fadhbanna airgeadais, sláinte agus easpa dídine.

I gcás gach aon duine tá cúis eagsúil acu gur thosaíodar ag glacadh drugaí; bhí achan duine ag baint trialach astu, bhíodar faoi strus, an iomarca brú orthu, theastaigh uathu éalú ó gach aon rud agus ó gach aon duine timpeall orthu ar feadh cúpla uair, sin é. I go leor cásanna áfach, tá an chúis chéanna acu stop a chur lena n-andúil; ar a son féin, nó ar son na ndaoine tábhachtacha ina saolta, de bharr nach féidir leo maireachtáil sa stíl sin a thuilleadh.

Uaireannta ní thuigeann cairde mealltacht an druga nó ní bhíonn fhios ag daoine faoin andúil de bharr nach mbeadh tuiscint cheart acu air agus go ndéanfaidís breithiúnas agus dá bhrí sin tá roinnt daoine nach lorgaíonn cabhair. Ach tá go leor carthanachtaí amuigh ansin in Éirinn agus thar lear, ní chun breithiúnas a thabhairt, ach le cabhair a thabhairt, carthanachtaí ar nós Addaction, Cuan Mhuire, agus Merchants Quay Ireland.

Cé nach lorgaíonn gach duine cabhair, tá go leor andúileach amuigh ansin a dteastaíonn uathu a saolta a athrú i dtreo táirbheach. Seo le brath i dtuairisc bliantúil Merchants Quay Ireland (2013), carthanacht a chabhraíonn le daoine a bhfuil fadhbanna drugaí acu nó atá gan dídean, a chonaic ardú 10% i líon na ndaoine a d’usáid a seirbhísí malartú snáthaide ó 2012. Sin 3,260 duine, 614 ina measc nach raibh tagtha chucu cheana féin, i mBaile Átha Cliath amháin.

Tógann sé tamall fada andúil a bhriseadh óna nós. Mar sin, sa deireadh, an fiú triail a bhaint as an tsubstaint bheag sin? An fiú an mothúchán sin a fháil agus plé a dhéanamh ar na hiarmhairtí níos déanaí más gá? Conas a mhothaíonn sé le bheith gafa, gafa be bharr do ghníomhaíochtaí féin? Conas a mhothaíonn sé le bheith i d’andúileach?